Ceisteanna Choitianta:    Leathnaigh thíos  


Is clár uathúil fónaice ar líne í SingFónaic atá deartha le haghaidh páistí scoile chun tacú leo na bunfhuaimeanna Gaeilge a fhoghlaim.


Spreagann clár SingFónaic páistí scoile chun fónaic na Gaeilge a fhoghlaim. Cloiseann na páistí an spriocfhuaim atá á mhúineadh agus á chleachtadh le haghaidh an tseachtain.


Is clár fónaice ar líne idirgníomhach í SingFónaic. Is féidir leat SingFónaic a rochtain ar:
fhón póca
ríomhaire glúine
ríomhaire deisce
taibléad
clár bán idirghníomhach
teilifís idirghníomhach



Is clár cuimsitheach fónaice í SingFónaic a úsáideann cur chuig córasach chun dul i ngleic foghraíocht, léitheoireacht, scríbhneoireacht agus litriú na Gaeilge.

Foghlaimíonn na páistí na 40 bunfhuaimeanna Gaeilge trí:
  1. Charachtair spraíúla
  2. Rainn, amhráin agus dánta
  3. An Aibítir Ghaelach
  4. Leibhéil córasacha fónaice
  5. Litriú agus liostaí deachtuithe
  6. Cluichí agus íoslódálacha
  7. R-leabhair

Molaimid 10 -15 nóiméid a chaitheamh gach lá ar Fhónaic na Gaeilge a mhúineadh agus a chleachtadh. Tá pleananna ceachta deartha again chun tacú leis an múinteoir an spriocfhuaim a mhúineadh.


Bhí mé ag múineadh Rang a Trí le haghaidh cúpla bliain i scoil náisiúnta. Thug mé faoi deara nach raibh formhór na daltaí in ann na bunfhuaimeanna Gaeilge a fhuaimniú i gceart mar shampla na fuaimeanna choitianta; ‘th’, ‘ch’, ‘sh’, ‘bh’. Bhí deacracht acu focail agus briathra coitianta a fhuaimniú i gceart i.e. thit, tháinig, chuaigh, chuala, sheas, shiúil etc.

Bhí na páistí ag baint úsáide as a stór fónaice Béarla nuair a rinne siad iarracht focail/briathra Gaeilge a dhíchódú. D’fhoilsigh an Roinn Oideachais Curaclam Teanga na Bunscoile i 2015 agus leagan athbhreithnithe i 2019 le haghaidh na ranganna go léir. Cuirtear béim sa Churaclam Teanga Nua ar fhónaic agus ar fheasacht fóineolaíoch a mhúineadh do dhaltaí bunscoile ó na Naíonáin Bheaga suas go Rang a Sé.

Bheartaigh mé clár fónaice Gaeilge a chruthú atá ailínithe leis an gCuraclam Teanga Nua. D'iarr mé ar chara liom fréamshamhail a chruthú. Chuaigh mé i dteagmháil le foireann Fiontair Áitiúil Contae na Mí. Mhol siad dom staidéar píolóta a dhéanamh le trí bunscoil.

Siad na scoileanna a ghlac páirt sa staidéar píolóta ná:
  1. Scoil an Spiorad Naomh, Baile an Bhiataigh, Co. na Mí
  2. Scoil Naomh Muire, Dún Uabhair, Co. na Mí
  3. Solas Chríost, Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24
Mhair an staidéar píolóta ar feadh tréimhse 6 seachtaine ó mhí Eanáir 2019 go mí Feabhra 2019. Ghlac 16 múinteoir páirt sa staidéar píolóta agus seo cuid den aiseolas a fuair mé ar ais ag deireadh an tréimhse trialach:

Cliceáil anseo má tá tú ag iarraidh tuilleadh aiseolais ón staidéar píolóta a léamh >>>


Seo ceann de ceisteanna is coitianta a chuirtear orainn.

Cliceáil anseo más mian leat léargas níos cuimsithí a fháil ar na leibhéil agus ar na codanna éagsúla de SingFónaic.


Molaimid aird a tharraingt ar mhúineadh fuaimeanna na hAibítire Gaelach ó na Naíonáin Bheaga suas go Rang a hAon.

Beidh na páistí in ann gach litir ón Aibítir Ghaelach a ainmniú agus a fhuaimniú. Tabhair faoi deara go mbeidh traschur teanga anseo - ón mBéarla go dtí an Ghaeilge.

Múintear 24 fuaimeanna san iomlán(‘Litir amháin, fuaim amháin’);
  • 14 consain
  • 5 gutaí gairid (a, o, u, i, e)
  • 5 gutaí fada (á, ó, ú, í, é)

Molaimid Leibhéal 1 (‘litir amháin, fuaim amháin’) a mhúineadh do Rang 1 suas go Rang a 2

Tá trí foleibhéil mar chuid de Leibhéal a 1:
  • Leibhéal 1 (a) - Focail Aonsiollacha
  • Leibhéal 1 (b) - Focail Aonsiollacha le consan sa bhreis
  • Leibhéal 1 (c) - Focail Ilsiollacha

Molaimid Leibhéal 2 (‘Dhá litir, fuaim amháin’) a mhúineadh do Rang 3 suas go Rang a 4)

Tá trí foleibhéil mar chuid de Leibhéal a 2:
  • Leibhéal 2 (a) - Na litreacha dúbailte (ll, nn, rr)
  • Leibhéal 2 (b) - Na fuaimeanna ‘bh’, ‘ch’, ‘dh’, ‘fh’, ‘gh’, ‘mh’, ‘ph’, ‘sh’, & ‘th’
  • Leibhéal 2 (c) - Na fuaimeanna ‘bhf’, ‘bp’, dt’, ‘gc’, ‘mb’, ‘nd’, ‘ng’ & ‘ts’

Molaimid Leibhéal 3 (‘Léirithe d’fhuaimeanna’) a mhúineadh do Rang 5 suas go Rang a 6)
  • Leibhéal 3 (a) - Na fuaimeanna d, n, s, t
  • Leibhéal 3 (b) - Léirithe de na consain b, d, d’, f, g, h, m, n
  • Leibhéal 3 (c) - Léirithe de na gutaí gairide - a, o, u, e, i
  • Leibhéal 3 (d) - Léirithe de na gutaí fada - á, ó, ú, é, í
  • Leibhéal 3 (e) - Patrúin mhinice - (e)ach(t), aith, án/an, (e)ann, eoir, ia, mhar, tar, ua



Cliceáil anseo más mian leat triail a bhaint as SingFónaic le haghaidh 2 sheachtain.

Cliceáil anseo más mian leat liostáil le SingFónaic.


Cosnaíonn ceadúnas bliantúl SingFónaic €38.98. (Neamh-athfhillteach)

Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil faoi cheadúnais scoile & praghasáil!


Iarrfaidh muid ar an úsáidéoir na sonraí seo a leanas a sheoladh ar aghaidh chugainn:
  1. Ainm an úsáideora - Céad ainm agus Sloinne
  2. Seoladh ríomhphoist an úsáideora (roghnaigh ríomhphost gur mhaith leat a úsáid le haghaidh SingFónaic)
Seolfaidh an stiúrthóir gréasáin pasfhocal chugat. Is féidir leat an pasfhocal seo a athrú am a ar bith.




Seol ríomhphost chuig agus beimid i dteagmháil leat.