Nuacht SingFónaic
Dé Domhnaigh, 10 Samhain, 2019
Gaeloideachas Tionól Forbartha - Samhain 2019
Tá cúis áthais orainn a rá go mbeidh Foireann SingFónaic i láthair ag Tionól Forbartha Gaeloideachas
in óstán Pháirc Bhaile an Róistigh, Corcaigh an Aoine seo an 15ú Samhain.
Seastáin agus Fógraí >>>
Beidh comórtas 'Duaischárta' ar siúl ar an lá céanna. Gheobhaidh gach múinteoir a thagann ar cuairt chuig seastán
SingFónaic stampa ar a nduaischárta! Cuirfear na cártaí seo i dtarraingt le haghaidh duaiseanna éagsúla ag deireadh an lae.
Sé an dea-nuacht ná go bhfuilimid ag tairiscint Ceadúnas Uile Scoile SingFónaic Bliana mar dhuais sa tarraingt 'Duaischárta'.
Is féidir leis an mbuaiteoir dul i dteagmháil linn chun ceadúnas uile-scoile a chruthú.
Chomh maith leis an nuacht SingFónaic iontach sin táimid ag reachtáil tarraingt eile; 'An Ticéad Órga'. Ní gá duit ach duit ach na sonraí seo a leanas a scríobh
ar an 'Ticéad Órga:
Ainm an mhúinteora, Ainm & seoladh na scoile, Ríomhphost an mhúinteora/príomhoide
Príobháideachas - Leathanach 2 >>>